Smore logo
remove_red_eye 421
page background

Nuachtlitir GSER

Nollaig 2022

NuachtlitirGSERNollaig 2022

Focal ón bPríomhoide Focal ón bPríomhoide

A thuismitheoirí,


Ní fada uainn an Nollaig anois tar éis téarma fíor ghnóthach, gníomhach agus rathúil. Is mian liomsa mo bhuíochas a ghabháil leis an bpobal scoile don tacaíocht leanúnach i mbliana. Is mór an phribhléid domsa ceannasaíocht a ghlacadh ar an bhfoireann iontach fuinniúil, díograiseach seo agus táim sona sásta go bhfuil saol na scoile ar ais linn mar a bhí, ach go háirithe do pháistí iontacha na scoile seo. Buaicphointe pearsanta na bliana seo domsa ná Oíche Mhór na hEalaíne ar an 16 Nollaig. Léirigh an oíche speisialta seo spiorad, éiteas oibre agus tarraingt le chéile pobal scoile GSER chomh maith le saothair ealaíne agus talún na bpáistí. Bhí atmaisféar draíochtúil timpeall na háite ar an oíche agus thug an t-aischothú dearfach ardú croí do chách. Buíochas ó chroí libh ar fad as ucht a bheith linn ar an oíche agus bhí sé go hálainn labhairt libh. Tá ríméad agus lúcháir orainn!


Christmas is nearly here after an exceptionally busy and successful first term. I would like to thank our wonderful school community for your continuous support and co-operation this year. I feel very privileged leading such a dynamic and energetic team and am delighted that school life is finally back to normal for everyone, particularly for our wonderful children. A personal highlight for me this term is most definitely our Arts Night on the 16th December. This special night encapsulated perfectly the spirit, work ethic and collaboration of the GSER community, showcasing the wonderful talent and efforts of all the children. The atmosphere around the school that night was truly magical, and it was very affirming for all our staff to get such wonderful feedback and to meet you all in person on the night. Many thanks to everyone who attended at this busy time. We are still buzzing from it all!


Féach cad atá bainte amach againn mar phobal scoile sa téarma seo:

Look what we have achieved to date this term:


  • Tionscnamh mór ealaíne scoile/Whole school arts night
  • Tá na naíonáin nua sona agus socair agus ag spalpadh Gaeilge álainn chruinn, maith sibh!
  • Páirc an Chrócaigh
  • Turasanna go dtí an leabharlann, Dublinia agus scátáil oidhir/School tours to our local library, Dublinia and ice-skating
  • Ceardlann obair bhaile/Homework workshop for parents
  • Cruinnithe ranga/Class meetings
  • Cór na scoile/School choir
  • Foraois na scoile/School forest project
  • Imeachtaí iarscoile/Afterschool activities
  • Nuachtlitir nua GSER/Our new bi-monthly interactive newsletter
  • Instagram iontach na scoile, ag dul ó neart go neart!
  • Na Gael Óga linn
  • Na Sairséiligh linn
  • Plean tráchta nua/New traffic plan

  • Códú scoile/Whole school coding project
  • Literacy Lift Off intervention le Rang 1
  • Tionóil seachtainiúil scoile le Gaeilgeoir agus dalta na seachtaine/Weekly assembly
  • Gléasadh suas Oíche Shamhna/Wizard of Oz and Emerald City antics
  • Boscaí na Nollag/Christmas shoe box appeal
  • Daidí na Nollag/Santa
  • Maidin caife na Nollag/Christmas coffee morning
  • Tionóil na Nollag/Special Christmas assembly
  • Lá cairdeas scoile, béim mór ar chineáltas/Friendship Day


Colm míle buíochas leat don obair dhian laethúil a dhéanann tú ar son páistí GSER.

Colm, a huge GRMA for everything you do for our school community.


Máire agus Georgina, míle buíochas libh beirt as ucht bhur gcuid díograis agus sibh ag coinneáil oifig na scoile ag imeacht gan locht lá i ndiaidh lae.

Máire & Georgina, many thanks for keeping the GSER show on the road daily, tá sibh dochreidte agus bheinn caillte gan sibh. Molaim go mór an obair dhian chiúin rialta a dhéantar go laethúil ar son páistí na scoile. Mo bhuíochas libh beirt


Pamela, go raibh míle maith agat as ucht aire den chéad scoth a thabhairt do pháistí Gaelscoil Eiscir Riada gach maidin ‘s tráthnóna. Seirbhís iontach don phobal scoile.

Pamela thanks for keeping us safe every day coming to school, what a fantastic service to have right on our doorstep! GRMMA


Coiste na dTuismitheoirí buíochas ó chroí libh don tacaíocht agus cúnamh le linn an Téarma. D’éirigh go geal leis an imeacht ealaíne scoile agus chabhraigh sibh go mór linn ar an oíche. Buíochas speisialta le Brian, Cathaoirleach Coiste na dTuismitheoirí a thugann an oiread cúnamh domsa go rialta agus buíochas ó chroí don choiste ar fad don obair dhian chiúin leanúnach ar son páistí na scoile seo.

Coiste na dTuistí you continue to serve our school community and think of clever ways of supporting the children of our school. A huge GRMMA for all the hard work during Term 1. Many thanks for all your help with our arts night. GRMA Brian, Chairman of our Coiste na dTuistí, thanks so much for all the help and advice received this year. Many thanks to all the parents of Coiste na dTuistí who attend our monthly meetings and give so generously of their time for the benefit of all our children. It is wonderful to see so many new faces on our Coiste this year.


Tuismitheoirí Gaelscoil Eiscir Riada, go raibh míle maith agaibh go léir don tacaíocht, tuiscint agus foighne le linn Téarma 1. Tá an saol níos dúshlánaí ná riamh ach in ainneoin na dúshláin ar fad tá sibh ag déanamh bhur ndícheall ar son na bpáistí

To all our parents, sincere thanks for your continuous support during term 1. Our pupils are incredibly happy which is a testament to both the co-operation of you, their parents, and the dedication of our staff. We look forward to working with you all again in 2023. Míle buíochas libh go léir.


Bord Bainistíochta na scoile mo bhuíochas libh as ucht bhur gcuid ama agus as ucht bhur gcuid tacaíocht leanúnach. Buíochas faoi leith le Helen, Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta, tá obair na gcapall ar siúl agat agus tá an pobal scoile ar fad fíor bhuíoch díot as ucht do chuid ama, do chuid scileanna agus do chomhairle luachmhar rialta.


A mhúinteoirí agus a chúntóirí riachtanais speisialta, mo bhuíochas libh don mheon dearfach foirne, spiorad foirne, obair chrua, díograis, dílseacht, cairdeas agus craic. Tá sé mar phribhléid mhór domsa bheith ag comhoibriú libh. Feicim an obair dhian laethúil a dhéantar ar son na bpáistí agus iad sona sásta agus faoi bhláth an Téarma seo. Molaim go mór sibh, tá sos maith tuillte agaibh go léir. Bíodh Nollaig álainn suaimhneach agaibh i measc clann agus cairde.


A pháistí, tá súil agam go dtagann Daidí na Nollag chugaibh go léir agus go mbeidh Nollaig álainn spleodrach,spraíúil agaibh go léir. Tá Téarma a haon críochnaithe agaibh anois agus táimid ag tnúth go mór leis an dara Téarma cheanna féin. Maith sibh!


Stay safe and well and we look forward to our return to school on the 5th January 2023.


Bíodh Nollaig mhór mhaith agaibh agus Athbhliain faoi mhaise daoibh go léir.

Le mór mheas,

Ciara

Dátaí Tábhachtacha Dátaí Tábhachtacha

21 Nollag: Leathlá agus ag críochnú don Nollaig. Naíonáin ag dul abhaile ag 11:50 agus Rang 1-6 ag dul abhaile ag 12:00.


1 & 2 Feabhra: Cruinnithe Tuismitheora. Tuilleadh eolais le teacht.


21st December: Half-day and closing for the Christmas break. Infants going home at 11:50 and Rang 1-6 going home at 12:00.


1st & 2nd February: Parent-Teacher meetings. More information to come.

An Leabharlann An Leabharlann

Comhghairdeas le Diane, Georgina agus Janice ar athoscailt na leabharlainne! Tá cuma álainn ar an áit agus bainfidh daltaí na scoile an oiread tairbhe as!


Congratulations to Diane, Georgina and Janice on the reopening of the library. It looks fantastic and the pupils will enjoy it immensely!

zoom_out_map
zoom_out_map
zoom_out_map

Boscaí na Nollag Boscaí na Nollag

Bhí lúcháir an domhain orainn an oiread boscaí bróg a fheiceáil. Bhailigh muid 141 bosca sa scoil. Tá muid fíor bhuíoch as an bhflaithiúlacht. Maith sibh ar fad!


We were blown away by the response to the Christmas Shoebox Appeal. We managed to collect 141 boxes in school. We are deeply grateful for the generosity. Well done all!

zoom_out_map

zoom_out_map

zoom_out_map

Maidin Chaife na Nollag Maidin Chaife na Nollag

Bhí maidin álainn againn le chéile ag Maidin Chaife na Nollag ar an 9ú. Bhí sé go hiontach halla lán a fheiceáil. Chuir gach rang mír iontach ar siúl agus bhain muid an sult as! Féach ar na grianghraif!


We had a fantastic morning at the Christmas Coffee Morning on the 9th. It was great to see a very full house. Every class gave a wonderful performance and we thoroughly enjoyed them! Have a look at the photos below!

zoom_out_map

zoom_out_map

zoom_out_map

zoom_out_map
zoom_out_map
zoom_out_map
zoom_out_map
zoom_out_map
zoom_out_map
zoom_out_map
zoom_out_map
zoom_out_map

Oíche Mhór na hEalaíne Oíche Mhór na hEalaíne

Bhí oíche den scoth againn ar an 16 Nollaig ag Oíche Mhór na hEalaíne. Tháinig pobal na scoile le chéile agus bhí oíche álainn againn ag breathnóireacht ar ealaín na bpáistí, ag comhrá agus ag éisteacht le ceol. Bhí sé go hiontach bheith le chéile arís. Bhí spiorad na Nollag le mothú!


We had a great night on the 16th December at Oíche Mhór na hEalaíne. We had a lovely night of admiring all the spectacular artwork, music and chatting. It was lovely to bring the school community together again. The Christmas spirit was definitely in the air!

Oíche Ealaíne GSER
zoom_out_map
zoom_out_map
zoom_out_map
zoom_out_map
zoom_out_map
zoom_out_map
zoom_out_map

Craobh Oscailte Shóisearach na hÉireann Craobh Oscailte Shóisearach na hÉireann

Irish Junior Open


Ar an tríú Samhain, d’imir mé sa Chraobh Oscailte Shóisearach na hÉireann (Irish Junior Open) i gClub Gailf Black Bush, Co. na Mí. Bhí 30 duine ó thimpeall na tíre ann ag imirt chun an chéad áit a bhaint amach. Chríochnaigh mé sa chéad áit sa nett agus sa tríú áit sna buillí (strokes).


Darragh, Rang 6

Peil na gCailíní Peil na gCailíní

D'imir cailíní Rang a 4 cúpla cluiche peile le déanaí. An mhí seo caite, bhí bua iontach acu i gcoinne Scoil Áine sna Sairséalaigh. Bhí an comhoibriú foirne thar barr le feiscint. Ba é seo an chéad chluiche peile ar son na scoile do roinnt cailíní agus rinne siad an-jab! Freisin, bhí blitzchomórtas measctha acu le cailíní ó Lucan East Educate Together i bPáirc Ghrifín. D'imir siad cúpla cluiche i gcoinne a chéile ar an lá. Bhí sé iontach na cailíní ar fad a fheiceáil ag cur aithne ar agus ag cabhrú leis na himreoirí ón bhfoireann eile. Ardmholadh daoibh ar fad!


The girls from Rang a 4 played a few matches lately. Last month they had a strong win at Sarsfields over Scoil Áine. The excellent teamwork was great to see. This was the first school match for some of the girls and they did a fantastic job. They also had a mixed blitz in Griffeen Park with Lucan East Educate Together. They played a few matches against each other and it was great to see new friendships being made on the pitch. A big well done to you all!

Daidí na Nollag! Daidí na Nollag!

Bhí cuairteoirí an-speisialta againn ar an Mháirt! Daidí na Nollag agus a lucharacháin! Bhí ceol agus craic againn le chéile sa chlós! Bhain muid an-sult as! Go raibh míle maith agat Daidí na Nollag!


We had some very special visitors on Tuesday! Santa Claus and his elves! We had great craic and a sing-song in the yard! Go raibh míle maith agat Daidí na Nollag!

zoom_out_map
zoom_out_map
zoom_out_map

Foraois Póca Foraois Póca

Tá foraois (póca!) nua ag fás i nGaelscoil Eiscir Riada! Míle buíochas le Diane agus lenár gcairde ó Pocket Forests a tháinig amach chugainn agus a chur gach rud ar fáil dúinn saoir in aisce! Tá muid ar bís!


There's a new (pocket!) forest growing at Gaelscoil Eiscir Riada! Many thanks to Diane and our friends at Pocket Forests who came out and provided us with everything we needed for free! We are delighted!

Pocket Forests

Pocket Forests

We reconnect people with nature through education workshops to rejuvenate soil and grow native trees, shrubs and woodland flowers to bring a forest ecosystem to your community. We make forests in small spaces. It's our own special method of growing small biodiverse forests in urban areas. We recycle materials to prepare the ground.

launch pocketforests.ie
zoom_out_map
zoom_out_map
zoom_out_map
zoom_out_map
zoom_out_map
zoom_out_map

Nuacht ón Mhol Thuaidh Nuacht ón Mhol Thuaidh

Dea-scéala a chairde! Fuair Ciara teastas speisialta ón Mhol Thuaidh sa phost. Deimhníonn an teastas go bhfuil daltaí na scoile uile ar An Liosta Maith! Comhghairdeas libh a pháistí agus maith sibh as an iompar iontach i mbliana!


Great news everyone! Ciara received a special certificate in the post from the North Pole. It confirms that all the pupils in Gaelscoil Eiscir Riada are on The Good List! Congratulations to all the children and well done on your great behaviour this year!

Coiste na dTuismitheoirí Coiste na dTuismitheoirí

Go raibh míle maith agaibh leis an gCoiste atá ag obair go dian ar son na scoile. Idir an maidin chaife, an oíche ealaíne, cuairt Dhaidí na Nollag, bricfeasta blasta na múinteoirí, ag glanadh, ag eagrú agus níos mó, tá muid fíor bhuíoch díobh!


Many thanks to our Coiste who have been working hard on behalf of the school. Between the coffee morning, the Oíche Ealaíne, Daidí na Nollag's visit, the teachers' tasty breakfast, the cleaning, the organising and much more, we are very grateful!

Stór Focal na Nollag Stór Focal na Nollag

Bígí ag cleachtadh! Nollaig shona agus guímid gach rath agus séan oraibh san athbhliain!
zoom_out_map
Pictiúr: Gaeloideachas
zoom_out_map
Pictiúr: Gaeloideachas
zoom_out_map
Pictiúr: Gaeloideachas
zoom_out_map

Fúinn

Email: oifig@gser.ie
Website: www.gser.ie
Location: Gaelscoil Eiscir Riada, Griffeen Road, Glebe, Lucan, County Dublin, Ireland
Phone: 016210342

Loading indicator

close

Created with

Communicate quickly and effectively with interactive newsletters.

Smore empowers educators to connect with their community, streamline school communications,
and increase engagement.

Create a newsletter